Skip to content

Foilsíonn an banc ceannais torthaí agus ionchais ó athbhreithniú ar chomhlíonadh an Rialacháin um Dhrochúsáid Mhargaidh.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais inniu (12 Iúil 2021) sraith torthaí agus ionchais óna athbhreithniú ar fud an tionscail ar chomhlíonadh an Rialacháin um Dhrochúsáid Mhargaidh (MAR). Scrúdaigh an t-athbhreithniú seo an chaoi a bhfuil gnólachtaí rialaithe, eisitheoirí agus comhairleoirí a ghníomhaíonn thar ceann eisitheoirí ag comhlíonadh a n-oibleagáidí chun a chinntiú go bhfuil socruithe eagraíochtúla éifeachtach maidir le riosca drochúsáide margaidh a mhaolú agus trédhearcacht an mhargaidh a chinntiú. Is féidir an foilseachán a fháil anseo .

Cuireann MAR trédhearcacht an mhargaidh chun cinn agus cuireann sé cosc ar dhrochúsáid mhargaidh. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh gach rannpháirtí ábhartha sa mhargadh MAR chun sláine an mhargaidh a chaomhnú. Baineann iompar neamhdhleathach ar mhargaí airgeadais an bonn de shláine an mhargaidh, cuireann sé bac ar thrédhearcacht, agus laghdaíonn sé muinín i margaí urrús. Chun go mbeidh muinín ag infheisteoirí sna margaí urrús, ní mór dóibh a bheith muiníneach go bhfuil margaí trédhearcach agus saor ó mhí-iompar amhail drochúsáid mhargaidh.