Skip to content

Treoirlínte do na RABanna agus iad ag comhlíonadh Feidhmeanna Imscrúdaithe agus Araíonachta

Tá treoirlínte tugtha chun críche le déanaí ag an IAASA do na comhlachtaí cuntasaíochta aitheanta a bhíonn i bhfeidhm nuair a chomhlíonann siad feidhmeanna imscrúdaithe agus araíonachta maidir lena gcomhaltaí cuntasóra agus iniúchóra. Is é an 1 Eanáir 2022 dáta éifeachtach na dtreoirlínte seo.

Cuireann soláthar seirbhísí cuntasaíochta agus iniúchta do chliaint cuntasóirí i suíomh speisialta iontaobhais. Braitheann cliaint, scairshealbhóirí agus geallsealbhóirí eile ar aschur cuntasóirí chun cinntí eacnamaíocha a dhéanamh, chun sócmhainní a riaradh agus chun cabhrú leo a gcuid oibleagáidí comhlíonta a chomhlíonadh. I gcás ina mainníonn cuntasóir na caighdeáin a bhfuiltear ag súil leo go réasúnach uathu a choinneáil, ba cheart go mbeadh sé faoi réir gníomhaíochtaí tráthúla, comhréireacha agus éifeachtacha. Is príomhmheicníocht é feidhmiú feidhme imscrúdaithe agus araíonachta a úsáideann comhlacht cuntasaíochta aitheanta chun a chomhaltaí a choinneáil cuntasach.

Is iad na ceithre chomhlacht cuntasaíochta aitheanta in Éirinn ná ACCA, Cuntasóirí Cairte Éireann, CPA Ireland agus ICAS. Feidhmíonn siad a bhfeidhmeanna imscrúdaithe agus araíonachta de réir nósanna imeachta arna bhfaomhadh ag IAASA, forálacha ábhartha Acht na gCuideachtaí 2014 agus treoirlínte IAASA.

Tá cóip de ‘ Treoirlínte do Chomhlachtaí Cuntasaíochta Aitheanta agus Feidhmeanna Imscrúdaithe agus Araíonachta á gcomhlíonadh acu’ ar fáil ar shuíomh Gréasáin an IAASA anseo.

Is féidir leat físeán míniúcháin faoi na treoirlínte a fháil ar leathanach LinkedIn IAASA anseo .