Skip to content

Athruithe ar chomhaltas an Bhoird

I gcomhréir le forálacha Acht na gCuideachtaí 2014, tá an méid seo a leanas ceaptha ag an Aire um Chur Chun Cinn Trádála, Digiteach & Rialáil Cuideachta, Robert Troy TD:

  • Ms Aisling Kennedy ar a hainmniúchán féin le héifeacht ón 10 Nollaig 2020. Gabhann Aisling ionad Mrs Nicole Lappin, a ndeachaigh a barántas in éag i mí Mheán Fómhair;
  • An tUasal Daniel Sinnott ar ainmniúchán na gCoimisinéirí Ioncaim le héifeacht ón 3 Eanáir 2021. Tagann Daniel in ionad Kathleen Redmond Uasal, a ndeachaigh a barántas in éag ar 2 Eanáir; agus
  • An tUasal Brendan Sheridan ar ainmniúchán an Bhainc Ceannais le héifeacht ón 3 Eanáir 2021. Tagann Brendan in ionad Mary Burke, a ndeachaigh a barántas in éag an 2 Eanáir 2021.

Cuirfear beathaisnéisí le leathanach an Bhoird Stiúrthóirí go luath.