Foilsíonn IAASA achoimre ar chinntí tuairiscithe airgeadais

D’fhoilsigh IAASA, forfheidhmitheoir cuntasaíochta na hÉireann, achoimre bhreise de chinntí tuairiscithe airgeadais inniu. Baineann na cinntí seo le cóireálacha cuntasaíochta arna gcur i bhfeidhm ag Bank of Cyprus Holdings plc, C&C Group plc, FBD Holdings plc, Irish Continental Group plc agus Permanent TSB Group Holdings plc ina dtuarascálacha airgeadais.

Clúdaíonn na cinntí seo raon ábhar cuntasaíochta mar a leanas:

  • IAS 10 Imeachtaí tar éis na Tréimhse Tuairiscithe
  • IAS 36 Lagú Sócmhainní
  • IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtadh
  • IFRS 16 Léasanna

Áirítear leis na cinntí seo cásanna inar aontaigh an chuideachta go deonach feabhas a chur ar a láimhseáil chuntasaíochta nó ar a nochtadh i dtuarascálacha airgeadais amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar ábhair a aithníodh le linn scrúduithe an IAASA.

Tá beartas an IAASA maidir le cinntí tuairiscithe airgeadais a fhoilsiú agus na critéir atá le comhlíonadh chun cinntí den sórt sin a fhoilsiú leagtha amach i bPáipéar Beartais an IAASA ar Fhoilsiú Thorthaí Tuairiscithe Airgeadais an IAASA .

Tá cinntí tuairiscithe airgeadais gach cuideachta san áireamh i gcnuasach cinntí ar féidir teacht air anseo.

Leanfaidh IAASA ag foilsiú cinntí tuairiscithe airgeadais roghnaithe go tréimhsiúil.