Skip to content

Deis do ghairmí cuntasaíochta

Féachann IAASA le Bainisteoir Tionscadail a earcú dá Aonad Maoirseachta ar Thuairisciú Airgeadais. Scrúdaíonn an tAonad Maoirseachta um Thuairisciú Airgeadais comhlíonadh tuairiscithe airgeadais thréimhsiúil aonán áirithe leis na caighdeáin chuntasaíochta infheidhmithe (IFRS agus GAAP na hÉireann/RA go príomha) agus reachtaíocht ábhartha. Tá an tAonad freagrach freisin as idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí agus fóraim tuairiscithe airgeadais agus forghníomhaithe na dtíortha eile, lena n-áirítear na Seisiúin Eorpacha um Chomhordú d’ Fhorghníomhaithe. Agus é ag obair mar chuid d’fhoireann bheag de dhaoine gairmiúla tiomanta agus ardspreagtha, beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as raon éagsúil tionscadal agus tascanna a bhaineann leis na feidhmeanna seo.

Tá sonraí iomlána an phoist ar fáil anseo . Tá an spriocdháta chun iarratais a fháil caite anois, ní bhreithneofar iarratais dhéanacha.

Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go ndéanfar agallaimh don phost Dé Céadaoin, 28 Aibreán 2021, trí nasc físe.

Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.