Skip to content

Foilsíonn IAASA a Thuarascáil Bhliantúil 2019

D’fhoilsigh IAASA a Thuarascáil Bhliantúil 2019, tar éis don Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta é a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Sonraítear sa Tuarascáil obair an Údaráis in 2019 thar a shainchúram leathan. I measc bhuaicphointí Thuarascáil 2019 tá:

  • Clár Oibre nua don Údarás a chlúdaíonn na blianta 2020-2022;
  • ullmhúcháin leanúnacha ag an Údarás d’imeacht na RA ón AE;
  • cur i bhfeidhm iomlán shamhail maoirseachta athbhreithnithe iniúchta reachtúil na gComhlachtaí Aitheanta Cuntasaíochta;
  • 40 scrúdú ar thuarascálacha airgeadais eisitheoirí, le saincheisteanna suntasacha lena n-áirítear cur i bhfeidhm tosaigh IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí agus Ionstraimí Airgeadais IFRS 9 ;
  • athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar ocht ngnólacht iniúchóireachta reachtúla, ar foilsíodh na torthaí ina dhiaidh sin in 2020;
  • ​tosú ar réamh-imscrúdú amháin agus tús imscrúdaithe iomlán amháin ag eascairt as athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta an Údaráis ar ghnólachtaí iniúchóireachta reachtúla; agus
  • cultúr nuálaíochta a chruthú laistigh den Údarás le bainistíocht chuí agus tacaíochtaí eile.

Tugann athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh agus Ráiteas an Chathaoirligh faoi seach tuilleadh eolais ar an obair seo, agus ar na dúshláin atá roimh an Údarás agus gairm na cuntasaíochta agus na hiniúchóireachta.