Skip to content

Achoimre ar chinntí tuairiscithe airgeadais

D’fhoilsigh IAASA, forfheidhmitheoir cuntasaíochta na hÉireann, achoimre bhreise de chinntí tuairiscithe airgeadais inniu. Baineann na cinntí seo le cóireálacha cuntasaíochta arna gcur i bhfeidhm ag CRH plc, Crown Global Secondaries plc, Flutter Entertainment plc, Irish Continental Group plc, Kerry Group plc, Kingspan Group plc agus Smurfit Kappa Group plc ina gcuid tuarascálacha airgeadais.

Clúdaíonn na cinntí seo raon de chóireálacha cuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm faoi cheanglais chuntasaíochta lena n-áirítear:

  • IAS 1 Ráitis Airgeadais a Thíolacadh
  • IAS 7 Ráiteas ar Shreabhadh Airgid
  • IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí

  • IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair
  • IAS 36 Lagú Sócmhainní
  • IAS 37 Soláthairtí, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha
  • IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtadh
  • IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin
  • IFRS 13 Tomhas Luach Cóir
  • Treoirlínte maidir le Bearta Feidhmíochta Malartacha

Áirítear leis na cinntí seo cásanna inar aontaigh an chuideachta go deonach feabhas a chur ar a láimhseáil chuntasaíochta nó ar a nochtadh i dtuarascálacha airgeadais amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar ábhair a aithníodh le linn scrúduithe an IAASA.

Tá beartas an IAASA maidir le cinntí tuairiscithe airgeadais a fhoilsiú agus na critéir atá le comhlíonadh chun cinntí den sórt sin a fhoilsiú leagtha amach i bPáipéar Beartais an IAASA ar Fhoilsiú Thorthaí Tuairiscithe Airgeadais an IAASA .

Tá cinntí tuairiscithe airgeadais gach cuideachta san áireamh i gcnuasach cinntí ar féidir teacht air anseo.

Leanfaidh IAASA ag foilsiú cinntí tuairiscithe airgeadais roghnaithe go tréimhsiúil.