Skip to content

Deis fostaíochta san IAASA

Féachann IAASA le Feidhmeannach Tionscadail a earcú le bheith ag obair ina Aonad Maoirseachta Rialaithe agus Monatóireachta. Agus é ag obair mar chuid d’fhoireann bheag, cabhróidh an t-iarrthóir rathúil le feidhmiú i raon éagsúil tascanna a bhaineann le maoirseacht agus rialáil ghairm na hiniúchóireachta agus na cuntasaíochta, mar atá leagtha amach in Acht na gCuideachtaí 2014. Cuntasóir, aturnae nó abhcóide cáilithe a bheidh san iarrthóir rathúil a bhfuil taithí aige ar thimpeallacht rialála/chomhlíonta nó ar réimsí eile a bhaineann le sainchúram rialála agus monatóireachta an IAASA.

Tá sonraí iomlána an phoist ar fáil anseo . Tá an spriocdháta chun iarratais a fháil imithe thart anois, agus ní bhreithneofar iarratais dhéanacha. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go ndéanfar agallaimh don phost Dé Luain, 4 Deireadh Fómhair 2021, trí nasc físe.

Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.