Skip to content

Eisíonn an IAASA páipéar a phléann an t-iniúchadh ar mheastacháin chuntasaíochta.

Tá páipéar eisithe ag an IAASA a phléann an t-iniúchadh ar mheastacháin chuntasaíochta, atá ar fáil anseo.

Tá caighdeáin chuntasaíochta agus iniúchóireachta tagtha chun cinn chun castacht mhéadaitheach na meastachán cuntasaíochta a léiriú agus tagann caighdeán nua maidir le hiniúchadh ar mheastacháin chuntasaíochta i bhfeidhm do thréimhsí dar tosach an 15 Nollaig 2019 nó dá éis. Pléann páipéar an IAASA riachtanais na gcaighdeán iniúchóireachta nua a bhaineann le meastacháin chuntasaíochta, le tabhairt isteach teanga níos láidre maidir le amhras gairmiúil, nósanna imeachta feabhsaithe um measúnú riosca agus riachtanas feabhsaithe “seasamh siar”.

Pléann páipéar an IAASA torthaí rialtóirí iniúchóireachta ar leibhéal Idirnáisiúnta, Eorpach agus intíre agus tugann sé dá aire go bhfuil gá le feabhsuithe ar cháilíocht obair iniúchóra ar mheastacháin chuntasaíochta. Is minic a thuairiscíonn rialtóirí iniúchóireachta idirnáisiúnta torthaí sa réimse ina bhfuil feabhsuithe ag teastáil i measúnú riosca, measúnú agus dúshlán toimhdí, tástáil sonraí, úsáid obair shaineolaí iniúchóra agus breithniú ar tháscairí claonta. Cuireann páipéar an IAASA cás-staidéir i láthair freisin a léiríonn dea-chleachtas agus droch-chleachtas i margadh na hÉireann.

Leagann an páipéar amach go bhfuil an IAASA ag súil go ndéanfaidh iniúchóirí agóid i gcoinne toimhdí agus ceistiú a dhéanamh ar oiriúnacht breithiúnas agus cinntí. Tá an IAASA ag súil freisin go gcuirfidh iniúchóirí ceanglais na gcaighdeán iniúchóireachta eile i bhfeidhm maidir le measúnú riosca, freagairtí ar rioscaí suntasacha, spleáchas ar fhaisnéis a tháirgeann an t-eintiteas, agus brath ar obair saineolaí.