Féachann IAASA le Feidhmeannach Tionscadail a earcú chun oibriú ina Aonad Maoirseachta Rialaithe agus Monatóireachta ar feadh tréimhse suas le 42 seachtain, clúdach máithreachais. Agus é ag obair mar chuid d’fhoireann bheag, cabhróidh an t-iarrthóir rathúil le feidhmiú i raon éagsúil tascanna a bhaineann le maoirseacht agus rialú ghairm na hiniúchóireachta agus na cuntasaíochta. Go sonrach, baineann an obair atá i gceist le sainchúram an IAASA faoi Acht na gCuideachtaí 2014 agus Treoir an Aontais Eorpaigh um Iniúchtaí Reachtúla.
Cuntasóir, aturnae nó abhcóide cáilithe a bheidh san iarrthóir rathúil a bhfuil taithí aige ar thimpeallacht rialála/chomhlíonta nó ar réimsí eile a bhaineann le sainchúram rialála agus monatóireachta an IAASA.
Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.