Skip to content

Folúntas riaracháin san IAASA

Is mian le IAASA ról téarma seasta d’Fheidhmeannach Riaracháin a líonadh don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2022. Beidh an Feidhmeannach Riaracháin freagrach as tacaíocht riaracháin ardchaighdeáin a sholáthar d’fhoireann na n-aonad oibríochta éagsúla i leith raon leathan gníomhaíochtaí. Oibreoidh an t-iarrthóir rathúil go dlúth le baill foirne eile ar sholáthar raon leathan tionscadal agus próiseas chomh maith le tacaíocht a sholáthar don Cheann Aonaid le gníomhaíochtaí laethúla.

Ní mór go mbeadh cáilíocht ghairmiúil nó tríú leibhéal ag iarratasóirí i réimse a bhaineann le freagrachtaí an phoist agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí ábhartha i dtimpeallacht oifige. Beidh cúlra ag obair i suíomh rialála ina bhuntáiste.

Is féidir sonraí an phoist a fháil anseo .

Tá an spriocdháta chun iarratais a fháil imithe thart anois, agus ní bhreithneofar iarratais dhéanacha. Beidh agallaimh don phost ar siúl Dé Céadaoin, 10 Samhain.

Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.