Skip to content

Lorgaíonn IAASA oifigeach cléireachais (páirtaimseartha)

Soláthraíonn aonad seirbhísí corparáideacha IAASA raon leathan tacaíochtaí riaracháin don IAASA, agus Rúnaíocht don Bhord agus do chuid dá Choistí. Cabhróidh an t-oifigeach cléireachais leis an bhFoireann Seirbhíse Corparáidí chun feidhmeanna riaracháin, TFC agus AD an Údaráis a sheachadadh go héifeachtach. Is ról páirtaimseartha é, a oibrítear ar maidin amháin de ghnáth.

Beidh an cumas ag an iarrthóir a n-éireoidh leis/léi oibriú mar chuid d’fhoireann, cur chuige loighciúil i leith bainistiú tascanna, agus líofacht in úsáid TFC. Cé nach bhfuil sé riachtanach, bheadh cur amach ar phróisis agus nósanna imeachta na hearnála poiblí ina bhuntáiste. Is féidir tuilleadh sonraí faoin bpost, agus an fhoirm iarratais, a íoslódáil ach cliceáil ar na naisc thíos:

Tá an spriocdháta chun iarratais a fháil imithe thart anois, agus ní bhreithneofar iarratais dhéanacha. Reáchtálfar na hagallaimh don phost an 9 Márta 2022.

Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.