Skip to content

Ról rialúcháin sinsearach san IAASA

Tá raon leathan freagrachtaí ar an Aonad Maoirseachta Rialaithe agus Monatóireachta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ghairm na cuntasaíochta. Baineann a phríomhghníomhaíochtaí le maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na hocht gComhlacht Cuntasaíochta Forordaithe in Éirinn rialáil agus monatóireacht ar a gcuid ball chomh maith le maoirsiú ar conas a chomhlíonann na cúig Chomhlacht Cuntasaíochta Aitheanta na feidhmeanna rialála atá sannta dóibh faoin dlí maidir le hiniúchóirí reachtúla. Déanann an Bainisteoir Maoirseachta Sinsearach bainistiú ar ghníomhaíochtaí maoirseachta an aonaid ó lá go lá.

Agus é i gceannas ar fhoireann gairmithe tiomanta agus ardspreagtha, beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as raon éagsúil tionscadal agus tascanna a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar ghairm na hiniúchóireachta agus na cuntasaíochta in Éirinn a sheachadadh.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin bpost a íoslódáil anseo . Tá an spriocdháta chun iarratais a fháil imithe thart anois. Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha.

Tá IAASA tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas.