Skip to content

Srianta Covid 19 – déan teagmháil le IAASA

Mar fhreagra ar shrianta Leibhéal 5 atá sainordaithe ag an Rialtas, ní bheidh rochtain ag foireann an IAASA ar a oifigí. Ciallaíonn sé seo nach seachadfaidh An Post post cruachóipe go dtí go gcuirfear deireadh leis na srianta atá ann faoi láthair, agus meastar gurb é an 2 Nollaig. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh aon rochtain ann do chúiréirí.

Idir an dá linn, leanann foireann uile an IAASA ag tabhairt faoina gcuid feidhmeanna go cianda. Is féidir teagmháil a dhéanamh le IAASA go leictreonach trí ríomhphost (go díreach chuig baill foirne aonair nó chuig [email protected]), nó tríd an leathanach teagmhála ar an suíomh Gréasáin. Ina theannta sin, tá IAASA ag déanamh monatóireachta ar ghlórphoist a fhágtar ar línte díreacha agus ar phríomhuimhir an lasc-chláir.