D’fhoilsigh IAASA a Athbhreithniú Téamach ISA 701 inniu. Scrúdaíonn an t-athbhreithniú téamach seo conas a chomhlíon sampla d’iniúchóirí ar eintitis leasa phoiblí ceanglais an Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) 701, Príomh-Ábhair Iniúchta a Chur in iúl i dTuarascáil an Iniúchóra Neamhspleách (ISA 701).
I measc na bpríomhbhreithnithe san athbhreithniú téamach tá roinnt de shaintréithe thuarascálacha an iniúchóra is faisnéisí, is iad sin:
- tuairiscí mionsonraithe, sonracha ar nádúr na rioscaí, conas a tugadh aghaidh ar an ábhar agus príomhbhreithnithe;
- príomhbhreathnuithe a áireamh i gcorp an KAM;
- tuairisciú sonrach ar conas a cuireadh ábharthacht i bhfeidhm, lena n-áirítear tairseacha amhail ábharthacht feidhmíochta agus an tairseach chun difríochtaí neamhchoigeartaithe a thuairisciú. Chomh maith leis sin, sonraí ar bhreithnithe cáilíochtúla a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar ábharthacht; agus
- mionsonraí sonracha gráinneacha faoin tionchar a bhí ag gach KAM ar an raon feidhme agus an tionchar a bhí aige ar ábharthacht. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo clúdach a fhaightear ar chuntais áirithe agus, i gcásanna iniúchtaí grúpa, nádúr na rannpháirtíochta in obair an iniúchóra chomhpháirte.
Molann an tÚdarás go mbogfadh gnólachtaí iniúchóireachta i dtreo leibhéil mhéadaithe sainiúlachta i dtuarascáil an iniúchóra, agus go mbreithneoidh siad tréithe na dtuarascálacha iniúchóra is eolasaí a bhfuil cur síos orthu thuas.